|
|
| ENGLISH EAGLAIS PHOBAIL CHORCAI GAEILGE 53 Sráid Mhic Churtáin Corcaigh. Fón: 021 450 6811 Riomhphoist: corkcc@eircom.net |
|
IS É ÁR DEARCADH ...dia a adhradh Ionad a bheith againn ina adhraítear Íosa go bríomhar,beomhar agus iomlán na fírinne agus an spioraid a chur igcéill. Is mian le Dia adhraitheóirí den tsórt san. (Eoin 4:23) ...grá a bheith againn dá chéile Pobal daoine tagtha le chéile a bhfuil grá paiseanta agus fíor acu do Dhia agus dá gcomharsana.Sin í an phríomh aithne. (Matha 22:36-40) ...dul amach ar fuaid an domhain uile Chun beatha agus fírinne Chríost a chur in iúl trí thíolaicí agus modhanna difriúla, ag dul ibhfeidhm ar ár gcathair agus níos faide leis an soiscéal. An Sár-Choimisiún. (Marc: 16- 18) |
|
Bealach an tSlánaithe 1. Adhmháil -- Is peacach thú agus tá gá agat d’Íosa 2. Aithrí -- Ag iarraidh maithiúnas ó Dhia 3. Creid -- Fuair Íosa bás ar an gcrois de bharr do chuid peacaí 4. Glacadh -- Cuireadh a thabhairt d’Íosa isteach i do chroí agus i do shaol 5. Dearbhú -- Is é Íosa do Thiarna agus do Shlánaitheoir | |
|
|
|||
|
.
Séard a chreidimid ann Creidimid inDia amháin a mhaireann go síoraí I dtrí phearsa, Athair, Mac agus Spiorad Naomh. Creidimid gurb é an Bíobla Briathar Dé don saol uile, ag labhairt linn go húdarásach agus gan earráid. Creidimid indiagacht Íosa Chríost an Mhac, a bhreith imbroinn na maighdine, a shaol gan pheaca, A chuid mhiorúiltí, A bhás ar an gcrois, A aiséirí colannach, A dheasgabháil chuig an Athair, agus ina bhfilleadh pearsanta, fisiciúl chun an domhain a rialadh igcumhacht agus ingrá. Creidimid go bhfuil an cine daonna uile dulta amú ibpeaca agus nach mór dóibh iompar ón bpeaca agus muinín pearsanta a chur san slánaitheoir, Íosa Críost: ní mór do gach éinne bheith áthchruthaithe trí chumhacht an Spioraid Naoimh i muintir Dé. Creidimid go gcónaíonn an Spiorad Naomh ionainn mar chreidmhigh agus go dtugann Sé grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltacht, maitheas, dílseacht, umhlacht agus féin-smacht isteach inár saol. Oibríonn Sé ionainn agus trínn lena tíolaicí cairismaitice. Creidimid in aiséirí gach ulie duine; beatha shíoraí don chreidmheach agus breithiúnas síoraí dóibh siúd atá dulta amú. Creidimid in aontacht na gcreidmhigh uile in Íosa Chríost agus is é ár n-aidhm comhthionól a chothú: bheith inár macasamhail níos fearr d’Íosa ingach slí,ór is É ceann A choirp, an Eaglais. Glaotar orainn grá a bheith dó agus dá chéile agus chun é san a dhéanamh caithfidh A ghrá sní ionainn agus trínn. |
|||
|
Copyright © Cork Community Church. All rights reserved. Web: Trevor Goring. Powered by Networksolutions. |
|||